Friday, July 6, 2012

Tuairisg, Torthaí, &rl. 2012

Is do rannpháirtithibh uile, d'oibrithibh deonacha agus do lucht sábháilteachta eachtra na bliana é an teachtaireacht so.

Ar dtúis, ba mhaith linn buíochas do ghabháil do gach éinne as teacht inné – do bhí sé go h-iontach ar fad an líon daoine a tháinig d'fheisgint, fiú amháin leis an ndroch-aimsir do bhí aguinn. Maidin an snámha, do bhí sruth na h-Abhann fós láidir is do bhíomair ag smaoineamh gur cheart dúinn an cúrsa do ghiorrú, ach ar deireadh, do bheartaíomair chun an chúrsa d'fhágaint fé mar a bhí mar do bhíomair cinnte go mbéadh sé ar chumas na snámhaithe an chéad km do shárú an fhaid is a dh'fhanóidís gar don bhruaich. Ar deireadh, do chríochnaigh 28 den 30 snámhaithe gur thosnaigh an cúrsa 2 km 'n-a iomlán, agus gach éinne acu laistigh den teorainn ama (uair amháin a' chluig). Do dhein gach aon snámhaí iarracht mhór chun an baoi 1 km a bhaint amach, ach um an dtaca gur chasadar timpeall, do thug sruth na h-Abhann cabhair maith dóibh chun dul ar ais go dtí na maoiribh ama – do thángadar go léir ar ais i n-am ní ba lú ná leath den am dár thógadar chun dul suas! Maith sibh, a snámhaithe.

Na snámhaithe go léir díreach tar éis an tosnaithe...

Dob é Chris Mintern, Sunday's Well SC, an Snámhaí ba Thapúla 'bhí aguinn i mbliana. Do chríochnaigh sé sa n-am iontach 27:04.1, abhfad roimis an gcuid eile den iomaíocht. Fuair Ellen Brooks, Fermoy SC, an Sciath Chuimhneacháin Mhartin Duggan don tSnámhaí is Óige i n-aois a ceithre bliana déag ceithre lá is dhá scór. Do chríochnaigh sise an cúrsa sa n-am 34:16.0. Fuair Ellen an duais seo sa bhliain 2010 chomh maith. Maith sibh, a Chris agus a Ellen! Tá na torthaí go léir le feisgint 'n-ár gCartlainn Torthaí agus tá grianghrafanna den ócáid le feisgint ar ár leathanach Facebook... (Um an dtaca so, ba mhaith linn maíomh go rabhamair seacht neomat go luath ag tosnú agus go raibh torthaí oifigeamhla foilsithe aguinn agus curtha i gcló aguinn i bhformaid PDF, as Béarla agus as Gaedhealuinn, laistigh de fiche neomat ó n-ar chríochnaigh an snámhaí deireanach, gan aon chóras amadóireachta leictreonach aguinn!)

Brigid Noonan ag bronnadh an duais don tSnámhaí
is Tapúla do Chris Mintern, Sunday's Well SC.
John Duggan ag bronnadh an Sciath Chuimhneacháin Martin
Duggan don tSnámhaí is Óige d'Ellen Brooks, Fermoy SC.

Ba mhaith linn ár mbuíochas do ghabháil do Fermoy Rowing Club, do Phoenix Kayak Club, don Roinn Cuardaigh & Tarrthála de Chumann Fo-Thuinn na h-Abha Móire agus do chriú báid eile, Adam, John agus Lee, as a dtacaíocht leanúnach don eachtra so, níorbh fhéidir linn an eachtra d'eagrú i n-aon chor gan é. Ba mhaith linn, leis, ár mbuíochas do ghabháil dár súilibh ar na bruachaibh, Leo, Fiona, Anna, Gill, Grace, David, Jack, Mary agus Lauren, dár réiteoir, Jim, agus dár maoiribh ama, Auveen, Catherine, Declan, Joanne agus Margaret. Táim cinnte gur mhaith leis na snámhaithibh go h-áirithe buíochas a ghabháil do gach éinne 'bhí ag tabhairt amach sólaistí tar éis an snámha, Breda, Amy, Imelda agus daoine nach iad, Noel McCarthy, eis-cheadúnas Carry-Out, Mainistir Fhear Maí san áireamh! Buíochas, ar ndóin, le muintir Duggan as an dtacaíocht leanúnach don eachtra agus le John as a mbriathraibh cineálta. Mar fhocail scoir, ba mhaith liom buíochas ó chroí do ghabháil go pearsanta do Brigid Noonan, Dave, Simon, agus David Mulcahy agus do George O'Keefe as an gcabhair iontach a thugaid dom i n-eagraíocht agus, go dóchasach, i bhfeabhsú na h-eachtra so gach bliain.

Chomhghairdeas airís dár snámhaithibh go léir – táimíd ag tnúth go mór le bhur bhfeisgint airís an bhliain seo chughainn!


Le gach dea-ghuí,

Owen O'Keefe
Stiúrthóir na hEachtra

Thursday, May 17, 2012

Iontrálacha Oscailte do Snámh na Bliana 2012...

Dia 's Muire dhaoibh go léir! Tá an córas iontrála ar-líne don Snámh in Ómós do Martin Duggan 2012 díreach tar éis oscailt. Is féidir leat iontráil ar-líne tré chliceáil ar an nasc ar an dtaobh deas den leathanach so. Dá mb'fhearr leat iontráil tré mheán na Gaedhealuinne, ní mór duit iontráil le peann is páipéar tré n-ár bhFoirm Iontrála d'íoslódáil agus é 'sheoladh chuig Owen O'Keefe, 3 Springfield, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí (Éire). 

'Sé táille iontrála na bliana so ná €20 do dhaoine a bheidh níos sine ná 18 bl. d'aois ar dháta na h-eachtra agus €15 do dhaoine a bheidh níos óige ná 18 bl. d'aois. Raghaidh an dá praghasanna san i n-airde go dtí €25 agus €20 seachtain amháin roimis an eachtra. Má táir ag íoc le seic, dein e siúd in-íochta do Owen O'Keefe & Brigid Noonan.

Má bheidh tú níos óige ná 18 bl. d'aois ar dháta na h-eachtra, ná dein dearmhad go bhfuil cead ag teastáil uait chun páirt do ghlacadh ins an eachtra. Is féidir leat an Fhoirm Chomhthoil Tuistí d'íoslódáil agus é do thabhairt ar ais chughainn-ne ar r-phost ag blackwaterswim@gmail.com nó sa phost ag an seoladh thuas. Ní bheidh tú i n-ann snámh gan é!

Beimíd ar ais chughaibh le níos mó sonraí agus an lá mór ag druidim linn...

Thursday, February 16, 2012

Dáta Sealadach Pioctha i gComhair Snámh na Bliana 2012

Beannachtaí dhaoibh go léir! Tá súil aguinn go bhfuiltí ag tnúth leis an samhradh atá le mothú agus é ag druidim linn cheana féin, is cinnte go bhfuilimíd féin. Tugann sé an-áthas dúinn a fhógairt daoibh go bhfuil dáta pioctha aguinn i gcomhair snámh na bliana so. An Domhnach, 1d d'Iúil 2012 is eadh an dáta san. Beidh an snámh ar siúil sa ghnáth-áit (Fermoy Rowing Club, Cé an Ághasaigh, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí). Tiocfaimíd thar n-ais chughaibh le níos mó sonraí, &rl. Coimeádaigí súil ar an leathanach so...

Saturday, February 11, 2012

Fáilte go dtí Snámh na h-Abha Móire!

Céad míle fáilte romhaibh go léir go dtí ár Blog nua Gaedhealuinne! Ní'limíd ach ag tosnú fé láthair ach beimíd ag déanamh ár seacht ndícheall chun gach píosa eolais do chur fé do bhráid as Gaedhealuinn ón am so amach. Bígí linn...