Saturday, January 26, 2013

Dáta Sealadach do SÓMD 2013

Tá áthas orainn á fhógairt go n-eagrófar an Snámh in Ómós do Martin Duggan 2013 Dé hAoine, 14ú Meitheamh. I mbliana, eagrófar an eachtra um thráthnóna seachas i lár an lae. Tá súil againn go mbeimíd in ann an eachtra d'eagrú, mar is gnáth, ag Fermoy Rowing Club ar Ché an Ághasaigh. Tá dhá fhánáin nua á thógáil ar Ché an Ághasaigh agus táimíd dóchasach go mbeid críochnaithe roimis an eachtra mar déanfaid abhfad níos éasca do shnámhaithibh dul isteach san uisce agus teacht amach as. Tá roinnt mhaith oibreacha ar siúl ar an gCé, ámhthach, ach tá súil againn go mbeimíd in ann oibriú timpeall orthu. Níos mó sonraí le teacht sna seachtainibh seo chugainn...

No comments:

Post a Comment