Tuesday, January 29, 2013

Sraith Nua de "Abhainn" ar RTÉ

Tá sraith nua den chlár teilifíse "Abhainn" tosnaithe ar RTÉ. Tá trí chuid ins an tsraith seo: ceann fén mBearbha, ceann fén Abhainn Mhóir (Abha Mhór na Mumhan) agus ceann fén Éirne. Ins an dara chuid, an ceann fén Abhainn Mhóir, beidh Owen O'Keefe ón Snámh in Ómós do Martin Duggan ag caint mar gheall ar stair snámha na h-Abhann Móire i Mainistir Fhear Maí agus an draíocht atá ag baint le n-a bheith ag snámh sa n-abhainn.


Beidh an t-eagrán fén Abhainn Mhóir á chraoladh Dé Luain, an 4ú Feabhra, ag a 19:30 ar "RTÉ One". Is as Gaelainn a bheidh an clár so ach beidh fotheidil as Béarla leis. Is é seo an ceathrú sraith den chlár agus tá ag eirí go h-iontach le Cláracha Gaeilge leis – b'fhiú go mór duit féachaint ar cheann nó dhó díobh ar RTÉ Player má tá seans agat. Tréaslaímíd leis na léirtheoiríbh as an léargas álainn seo d'uiscebhealaíbh intíre na h-Éireann a thabhairt dúinn.

No comments:

Post a Comment